Pleananna le haghaidh tionscadal suntasach fuinnimh in-athnuaite á gcur chun cinn ag Carraigeacha Sceirde

  • Iarratas ar thoiliú le haghaidh feirm ghaoithe 450 MW amach ón gcósta á chur isteach ag Carraigeacha Sceirde, tionscadal suntasach fuinnimh in-athnuaite in Éirinn
  • D’fhéadfadh tionscadal gaoithe amach ón gcósta 350,000 teach in Éirinn a chumhachtú, tuairim is 550,000 tonna CO2 a shábháil in aghaidh na bliana, agus suas le €70m a infheistiú i dtionscnaimh phobail áitiúla

Tá céim thábhachtach chun tosaigh tógtha ag Carraigeacha Sceirde, forbairt bheartaithe gaoithe amach ón gcósta, amach ó chósta thiar na hÉireann, chun fuinneamh glan a sheachadadh do mhuintir na hÉireann trína iarratas ar thoiliú a chur isteach.

Is céim thábhachtach chun tosaigh í an aighneacht maidir le tionscadal bonneagair suntasach a fhorbairt do réigiún na Gaillimhe a d’fhéadfadh tús a chur le hinfheistíocht shuntasach fhadtéarmach i bhfiontair ghlasa agus i ngeilleagair áitiúla. Dá rachfaí ar aghaidh leis an obair thógála, dháilfí €70m de mhaoiniú tríd an gCiste Sochair Pobail 20 bliain ar eagraíochtaí áitiúla agus ar thionscnaimh phobail.

Mar mhórfhorbairt fuinnimh in-athnuaite, chuirfeadh Carraigeacha Sceirde go mór le haistriú fuinnimh ghlais na hÉireann, le 350,000 teach Éireannach á gcumhachtú agus thart ar 550,000 tona CO2 á shábháil le haghaidh gach bliain a bhíonn sé i bhfeidhm. Tá sé mar sprioc ag Éirinn 80 % dá leictreachas a fhoinsiú ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2030, agus tá sí tar éis glacadh le hoibleagáidí ceangailteacha maidir le laghdú carbóin mar bhall den Aontas Eorpach.

Dúirt Micheál O Clochártaigh, Bainisteoir Páirtithe Leasmhara Carraigeacha Sceirde:

“Is toradh é an t-iarratas pleanála seo ar thart ar thrí bliana de shuirbhéireacht, d’anailís sonraí agus de ghníomhaíocht rannpháirtíochta pobail. D’oibríomar go dlúth leis an bpobal áitiúil chun tionscadal a dhearadh a chreidimid a sheachadfaidh a riachtanais agus a n-ionchais agus táimid buíoch do gach duine a bhuail lenár bhfoireann agus a chuaigh i dteagmháil linn le linn an phróisis seo.”

“Mar dhuine áitiúla mé as Charna, tuigim cé chomh tábhachtach atá sé ár n-oidhreacht chultúrtha a chosaint agus cabhrú lenár bpobail a fás agus forbairt. Tá mé thar a bheith muiníneach faoin athrú ó bhonn a d’fhéadfadh teacht as an deis iontach seo le haghaidh ár bpobail áitiúla a chur chun cinn ó thaobh post, infheistíochta agus maoiniú díreach pobail de — d’fhéadfadh an ghaoth amach ón gcósta a bheith ina cuid an-tábhachtach de dtodhchaí chomhchoiteann an Gaeltachta agus Chonamara.”

Meastar gur €3.5m in aghaidh na bliana thar 20 bliain a bheadh sa Chiste Sochair Pobail a bheadh mar thoradh ar Charraigeacha Sceirde a thógáil, agus cuidíonn pobail áitiúla le cinneadh a dhéanamh cá háit agus conas a dháiltear cistí. Roimh an gciste sin, cuireadh thart ar €150,000 de thacaíocht ar fáil do thionscnaimh phobail áitiúla ó 2023 tríd an tionscadal, agus fócas ar chuimsiú sóisialta, oidhreacht chultúrtha, inbhuanaitheacht, caitheamh aimsire agus oideachas.

Is é Carraigeacha Sceirde an chéad fheirm ghaoithe amach ón gcósta atá beartaithe do chósta thiar na hÉireann — na cúig thionscadal eile atá beartaithe faoi láthair le forbairt tá siad suite amach ó chósta an oirthir — agus tá sé de chumas ag Carraigeacha Sceirde Iarthar na Gaillimhe a bhunú mar mhol gaoithe ríthábhachtach amach ón gcósta d’iarthar na hÉireann san fhadtéarma. De réir tuarascála a choimisiúnaigh Fuinneamh Gaoithe Éireann i mí Eanáir 2024, d’fhéadfadh sé gur suas le €38bn luach na hearnála gaoithe amach ón gcósta ina hiomláine do gheilleagar na hÉireann sna blianta amach romhainn1.

Dúirt Paul Concannon, Stiúrthóir Tionscadail Carraigeacha Sceirde:

“Tá sé de chumas ag Carraigeacha Sceirde tairbhí marthanacha a chur ar fáil d’Éirinn agus do phobail áitiúla i nGaillimh — astaíochtaí carbóin na hÉireann a laghdú, slándáil fuinnimh a fheabhsú, agus infheistíocht ríthábhachtach a spreagadh i scileanna áitiúla, i bhfostaíocht, i mbonneagar agus i bhforbairt gnó.”

“Is cúis bhróid dúinn a bheith mar chuid de phobail uathúla Iarthar na Gaillimhe agus is cúis bhróid dúinn a bheith páirteach i dtodhchaí fuinnimh ghlain na hÉireann. Táimid ag tnúth leis an deis a bheith againn cur go mór leis an bhfás áitiúil agus réigiúnach agus le seachadadh fuinnimh ghlain in-athnuaite a bhfuil géarghá leis.”

Mar gheall ar a shuíomh ar an gcósta thiar, uainiú na bpatrún aimsire agus luasanna gaoithe níos airde ná an meán, léiríonn anailís tionscadail go bhfuil tionchar níos mó ag Carraigeacha Sceirde ar astaíochtaí CO2 ó Chóras Leictreach na hÉireann a laghdú ná mar atá ag tionscadail choibhéiseacha ar an gcósta thoir (tionchar 8 % níos mó ar an meán in aghaidh an aonaid leictreachais).

Tacaítear leis an iarratas ar thoiliú le Tuarascáil chuimsitheach ar an Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (EIAR) agus Ráiteas Tionchair Natura (NIS) ina sonraítear conas a d’fhéadfadh an tionscadal difear a dhéanamh don chomhshaol nádúrtha chomh maith le raon maoluithe iomchuí3.

Faoi réir toiliú a bheith tugtha, táthar ag súil faoi láthair go gcuirfear tús leis an tógáil in 2026 agus leis an gcéad ghiniúint leictreachais ó 2030 ar aghaidh.

Nótaí
1 Féach: Sainaithnítear i dtuarascáil nua deis gaoithe amach ón gcósta na hÉireann dar luach €38 mbilliún

2 San iarratas a cuireadh faoi bhráid an Bhoird Pleanála tá cead á lorg d’fhorbairt 30 tuirbín atá beartaithe, a bhféadfadh uasairde an bhairr suas le 325 m a bheith aige agus a bheadh suite idir 5 agus 12 km ón bpointe mórthíre is gaire.

Bheadh an tuirbín is gaire don chladach 10 n-uaire níos faide ar a laghad ó limistéar cónaithe ná mar a cheadaítear do thuirbíní gaoithe ar tír bunaithe ar an treoir reatha

3 Beidh fáil ar aighneacht toilithe Fheirm Ghaoithe Carraigeacha Sceirde ar suiomh An Bord Pleanála.

4 Tá Feirm Ghaoithe Carraigeacha Sceirde á forbairt ag an bpríomhghnó gaoithe amach ón gcósta Corio Generation tríd an gcomhlacht Fuinneamh Sceirde Teoranta (FST) atá lonnaithe in Éirinn agus sa Ghaeltacht. Is comhfhiontar é FST atá faoi úinéireacht Corio Generation, cuideachta phunainne de chuid Macquarie Asset Management, agus an infheisteora bonneagair dhomhanda Ontario Teachers’ Pension Plan.

Teagmháil leis na meáin

Michael Cloherty, Bainisteoir Páirtithe Leasmhara

Corio Generation Fón: 087 798 4554

Ríomhphost: michael.cloherty@coriogeneration.com