Ceannaíonn an Grúpa Infheistíochta Glas Fuinneamh Sceirde Teoranta

Cheannaigh Grúpa Infheistíochta Glas Macquarie (GIG) Fuinneamh Sceirde Teoranta, forbróir fheirm ghaoithe Charraigeacha Sceirde amach ón gcósta i nGaillimh, Éire. 

Tá an tionscadal fuinnimh in-athnuaite i nGaillimh ar thús cadhnaíochta maidir le réabhlóid fuinnimh amach ón gcósta na hÉireann, tar éis dó a bheith ainmnithe mar cheann de sheacht bhforbairt ‘Stádas Ábhartha’ ag an Roinn Comhshaoil, Gníomhaíochta ar son na hAeráide agus Cumarsáide. Ciallaíonn an t-ainmniú seo go mbeidh forbairt Charraigeacha Sceirde sa chéad sraith de thionscadail gaoithe amach ón gcósta in Éirinn a bheidh le cur i gcrích faoi 2030.

Dúirt Séamus McCabe, Stiúrthóir Tionscadail GIG: “Tá tionscadal Charraigeacha Sceirde ina phríomhfhorbairt d’Iarthar na hÉireann, ina bhfuil ceann de na hacmhainní gaoithe is fearr ar domhan.” Tugann sé deis iontach tionscal nua a sheoladh ar Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh, ag tacú le réimse post agus ag cruthú deiseanna geilleagracha a thabharfaidh daoine ar ais go Conamara. 

“Tá ríméad orainn a bheith ag obair le foireann FST agus táim ag tnúth le teagmháil a dhéanamh leis an bpobal áitiúil chun Carraigeacha Sceirde a thabhairt ar an gcéad chéim eile dá turas.”