Carraigeacha Sceirde chun Comhairliúchán Poiblí 4 lá a óstáil i gCarna

Tá Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde ag óstáil tréimhse comhairliúcháin phoiblí a chuirfidh ar chumas an phobail tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal a chuirfidh go mór le forbairt an cheantair amach anseo trí,

  • Deiseanna fostaíochta a chruthú agus forbairt eacnamaíochta a sheachadadh do phobail áitiúla i gConamara
  • Bonneagar cultúrtha, eacnamaíoch agus pobail sa cheantar Gaeltachta a neartú agus a bheith ag tacú leis
  • Ciste sochair pobail ar fiú €70 milliún é a chur ar fáil thar 20 bliain a chinnteoidh go mbeidh Feirm Gaoithe Charraigeacha Sceirde ina údar iontach athraithe.

 

Tá tionscadal Fheirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde ina phríomhfhorbairt d’Iarthar na hÉireann, ina bhfuil ceann de na hacmhainní gaoithe is fearr ar domhan. Beidh ról suntasach ag Carraigeacha Sceirde sa phlean gníomhaíochta náisiúnta ar son na haeráide agus beidh ról ríthábhachtach aige maidir le cuidiú le hÉirinn a spriocanna inbhuanaithe a bhaint amach maidir le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite intíre a mhéadú, soláthar fuinnimh a fheabhsú ag ráta costais sheasta ar feadh 20 bliain agus spleáchas na hÉireann ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú.

 

Faoi réir dearadh deiridh, ghinfeadh Feirm Gaoithe Charraigeacha Sceirde suas le 450MW, dóthain fuinnimh glan chun soláthar a dhéanamh ar bhreis is 350,000 teach in Éirinn.

Rinneadh suirbhéanna fairsinge comhshaoil le roinnt blianta anuas. Cuirfidh siad seo le Tuarascáil mhionsonraithe ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta, a bheidh mar phríomhchuid den iarratas deiridh ar chead pleanála, atá le cur isteach leis an mBord Pleanála níos déanaí an samhradh seo.

 

Beidh foireann tionscadail Charraigeacha Sceirde ar fáil chun pleananna an tionscadail a phlé le baill an phobail ó Mháirt an 11 Meitheamh ó 3-7pm, Céadaoin an 12 Meitheamh ó 12-4pm, Déardaoin an 13 Meitheamh ó 3-7pm agus Aoine an 14 Meitheamh ó 12-4pm ag an mol gteic i Roisín na Mainiach, Carna, H91 Y295.

 

Dúirt Michael Cloherty, Bainisteoir Páirtithe Leasmhara agus Pobail do thogra Charraigeacha Sceirde, go dtabharfaidh seachtain an chomhairliúcháin phoiblí deis do bhaill na bpobal cois cósta ar fud Chonamara tuilleadh eolais a fháil faoin bhforbairt atá beartaithe.

 

“Táimid ag spreagadh an oiread daoine agus is féidir teacht i rith na seachtaine chun féachaint ar na pleananna, bualadh le hionadaithe fhoireann an tionscadail agus tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a rachaidh an tionscadal chun tairbhe dár bpobail áitiúla agus réigiúnacha chomh maith le cur le ról na hÉireann maidir le dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide,” a dúirt Michael.

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Fheirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde mar atá beartaithe ag www.sceirderockswindfarm.ie

Maidir le fiosrúcháin ó na meáin, déan teagmháil le:

Michael Cloherty, Bainisteoir Páirtithe Leasmhara agus Pobail, ag 087-7984554