Críochnaíonn Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde suirbhéanna aigéin – An 19 Nollaig

Tá suirbhéanna geoifisiceacha agus meit-aigéin curtha i gcrích go rathúil ag Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde, tionscadal gaoithe 450 MW amach ó chósta thiar na hÉireann, a bheidh mar bhonn eolais ag an iarratas pleanála atá le teacht.

Cuidíonn na suirbhéanna le tuiscint níos soiléire a thabhairt ar ghrinneall na farraige agus ar na gnáthdhálaí farraige sa limistéar forbartha atá beartaithe. Déanann suirbhéanna geoifisiceacha grinneall na farraige a léarscáiliú, agus úsáidtear suirbhéanna meit-aigéin chun cáilíocht uisce, iompraíocht tonnta agus neart agus treo sruthanna farraige a mheas.

Rinneadh an obair idir Meán Fómhair agus tús mhí na Samhna 2023 ag baint úsáide as soithí suirbhéireachta saintógtha atá á n-oibriú ag Green Rebel, cuideachta seirbhíse suirbhéireachta amach ón gcósta atá lonnaithe i gCorcaigh agus i Luimneach. D’oibrigh Corio freisin le Green Rebel agus le cuideachtaí suirbhéireachta eile chun suirbhéanna geoiteicniúla agus beantacha a chur i gcrích a bheidh mar bhonn eolais ag measúnacht tionchair timpeallachta an tionscadail.

Dúirt Tim Coffey, Stiúrthóir Tionscadail Fheirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde: “Táimid bródúil as a bheith i gcomhpháirtíocht le cuideachta Éireannach áitiúil chun na sonraí ardchaighdeáin atá de dhíth a sholáthar maidir le hiarratas pleanála thionscadal Charraigeacha Sceirde a dhearadh agus a fhorbairt. Táimid tiomanta do thacaíocht a thabhairt do shlabhra soláthair na hÉireann, agus bhuail muid le déanaí le 50 gnólacht náisiúnta agus áitiúil le breac-chuntas a thabhairt ar na deiseanna a bheidh ar fáil do chuideachtaí le linn thógáil agus oibriú an tionscadail.

“Nuair a bheidh sé críochnaithe, cuirfidh Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde go mór le spleáchas na hÉireann ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Beidh an méid astuithe CO2 a sheachnófar comhionann a bheag nó a mhór le 180,000 carr peitril a bhaint den bhóthar. Ginfidh an tionscadal deiseanna fostaíochta freisin agus cuirfidh sé infheistíocht shuntasach ar fáil don phobal áitiúil ar feadh na mblianta amach romhainn.”

Dúirt Kieran Ivers, POF Green Rebel: “Beidh ról lárnach ag na suirbhéanna seo maidir le bonn eolais a chur faoin gcéad chéim eile d’Fheirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde, ag soláthar na sonraí a theastaíonn chun pleananna innealtóireachta a thabhairt chun críche agus tionchar ar an timpeallacht a laghdú. Bhí an-áthas orainn dul i gcomhpháirtíocht le Corio Generation ar an tionscadal seo agus táimid ag tnúth le bheith ag obair le chéile amach anseo.”

I mBealtaine 2023, dheimhnigh oibreoir eangaí fuinnimh na hÉireann EirGrid agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide go raibh Carraigeacha Sceirde ar cheann de cheithre fheirm ghaoithe ar éirigh leo faoi chéad Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Eischósta (ORESS 1) na tíre. Tacaíonn an fhorbairt le gealltanais na hÉireann faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide

2022, agus cuirfidh sí deiseanna fostaíochta, forbartha eacnamaíochta agus gnó áitiúla fadtéarmacha ar fáil.

Tá an fhorbairt 450 MW atá beartaithe suite idir cúig agus 12 km amach ó chósta Charna, Conamara, Contae na Gaillimhe, agus ginfidh sé dóthain leictreachais in-athnuaite chun freastal ar riachtanais 350,000 teaghlach. Meastar go ndéanfar an tógáil idir 2026 agus 2029, agus go mbeidh fuinneamh in-athnuaite á sheachadadh faoi 2030.

Tá Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde á forbairt ag Corio Generation, comhlacht punainne de chuid Macquarie Asset Management, tríd an gcomhlacht Éireannach agus Gaeltachta Fuinneamh Sceirde Teoranta, atá ina chomhfhiontar ag Corio agus ag an infheisteoir bonneagair domhanda Ontario Teachers’ Pension Plan.

Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig ár láithreán gréasáin Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde.

Maidir le Corio Generation

Is sainghnó gaoithe amach ón gcósta é Corio Generation atá tiomanta do leas a bhaint as fuinneamh in-athnuaite ar fud an domhain. Le meascán uathúil de shaineolas ceannródaíoch earnála agus rochtain dhomhain ar chaipiteal fadtéarmach, oibrímid go dlúth lenár gcomhpháirtithe i gcruthú agus i mbainistiú tionscadal ó thionscnamh, forbairt agus tógáil, agus in oibríochtaí.

Tá ceann de na punanna tionscadail gaoithe amach ón gcósta is mó ar domhan ag Corio le níos mó ná 30 GW á fhorbairt ar fud na hEorpa, san Áise-Aigéan Ciúin agus i gCríocha Mheiriceá ag céimeanna éagsúla forbartha. Cuimsíonn ár bpunann margaí seanbhunaithe agus margaí atá ag teacht chun cinn, chomh maith le teicneolaíochtaí snámha agus bonn seasta. Cuideoidh na tionscadail ghaoithe amach ón gcósta den chéad ghlúin eile seo le cnámh droma an chórais fuinnimh dhomhanda glan-nialasach a chruthú agus riachtanais fuinnimh na bpobal agus na gceannaitheoirí corparáideacha a chomhlíonadh ar bhealach inbhuanaithe, iontaofa, sábháilte agus freagrach.

Is comhlacht punainne de chuid Macquarie Asset Management é Corio Generation atá ag feidhmiú ar bhonn neamhspleách.

Maidir le Green Rebel

Tá ceanncheathrú Green Rebel i gCorcaigh agus oibríonn sé cabhlach soithí agus aerárthaí chun limistéir ollmhóra den aigéan a léirscáiliú. Tá foireann eolaithe, ceimiceoirí, innealtóirí, éiceolaithe, criú soithigh agus foireann tacaíochta aige ar fud iliomad áiteanna i gCorcaigh agus i Luimneach.

Soláthraíonn Green Rebel sraith seirbhísí sonraí ceann-go-ceann don earnáil gaoithe amach ón gcósta agus d’earnálacha eile a shíneann ó éadáil, próiseáil, léirmhínithe agus tuairisciú, lena bhflít soithí agus aerárthaí saintógtha, baoithe LiDAR snámha agus foireann intí eolaithe agus saineolaithe tionscail.

Teagmháil leis na Meáin:

Ian Green, Bainisteoir Sinsearach Cumarsáide (EMEA)

Corio Generation

Ríomhphost: ian.green@coriogeneration.com