Ciste sochair pobail

Home » Pobal » Ciste sochair pobail

Tabharfaidh Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde raon tairbhí don phobal le linn a céimeanna forbartha, tógála agus oibriúcháin, lena n-áirítear forbairt eacnamaíoch agus deiseanna fostaíochta.

  • Beidh Ciste Sochair Pobail, ar fiú na milliúin Euro é ar fáil thar thréimhse 20 bliain chun tacú le raon tionscnamh pobail inbhuanaithe ar chósta thiar Chonamara, ar Oileáin Árann agus sna ceantair máguaird. Forálann an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Amach ón gCósta (ORESS), a thacaíonn le feirmeacha gaoithe amach ón gcósta go ndéanfar infheistiú €2 i scéim leasa pobail in aghaidh gach MWh leictreachais a ghintear. Meastar gurbh fhiú breis agus €3.5 milliún in aghaidh na bliana luach scéim pobail ORESS do Charraigeacha Sceirde nuair a bheidh an fheirm ghaoithe i bhfeidhm má cheadaítear go hiomlán di.

An Ciste Sochair Pobail, a bheidh á bhainistiú ag coiste a roghnófar ón bpobal áitiúil a chinnfidh, i gcomhairle leis an bpobal áitiúil, aidhmeanna agus cuspóirí an chiste agus a bhainisteoidh oibriú leanúnach an chiste le cúnamh ó riarthóir an chiste.

  • Cabhróidh an Ciste Sochair Pobail le maoiniú a dhéanamh ar thionscnaimh faoi thionchar an phobail, i gcomhairle le daoine áitiúla le cinntiú go mbeidh Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde in ann tionchar dearfach a spreagadh.
  • Ceapfar riarthóir ciste chun cabhrú leis an gcoiste aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna rialachais agus a chinntiú go gcloíonn an ciste leis na treoirlínte ábhartha.
  • Beidh ról lárnach ag an gCiste Sochair Pobail maidir le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí pobail a mbeidh buntáiste eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha marthanach acu, lena n-áirítear cuidiú le caomhnú a dhéanamh ar theanga, cultúr agus traidisiúin na Gaeltachta, nithe a fhágann gur ceantar ar leith é an ceantar seo.
  • Beidh an ciste sochair pobail ar fáil ar bhonn céimneach ar thús na tógála agus beidh sé ar fáil ina iomláine nuair a bheidh an fheirm ghaoithe ag feidhmiú.
  • Sheol Fuinneamh Sceirde Teoranta ciste sochair pobail Fheirm Ghaoithe Amach ón gCósta Charraigeacha Sceirde i gCarna i Meitheamh 2023. Táthar ag súil go dtosóidh ranníocaíochtaí sochair pobail €2/MWh ORESS ar bhonn céimnithe ar thús thógáil na Feirme Gaoithe, le fáil iomlán ar an gciste nuair a bheidh an Fheirm Ghaoithe ag feidhmiú.