Maidir leis an tionscadal

Home » Maidir leis an tionscadal

Cad é an togra?

Is é Carraigeacha Sceirde, ar a dtugtar Sceirde Rocks i mBéarla, an suíomh atá beartaithe do cheann de na chéad fheirmeacha gaoithe mórscála amach ón gcósta a thógfar in Éirinn.

Is é an sprioc foinse fuinnimh ghlan, shlán a chur ar fáil a chabhróidh le hÉirinn 80% dá leictreachas a ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh faoi 2030.

Beidh acmhainneacht 450 MW ag an bhfeirm ghaoithe atá beartaithe. Beidh sé comhdhéanta de 30 tuirbín, le huasairde 325m go dtí an rinn.

Nuair a bheidh sí tógtha, cuirfidh an fheirm ghaoithe a dhóthain fuinnimh ghlan ar fáil chun cumhacht a sholáthar do níos mó ná 350,000 teach, rud a sheachnóidh astaíochtaí CO2 atá coibhéiseach le 180,000 carr peitril a bhaint de bhóithre na hÉireann.

Spreagfaidh sí infheistíocht sa gheilleagar áitiúil freisin, lena n-áirítear Ciste Sochair Pobail beartaithe ar fiú thart ar €3.5m é in aghaidh na bliana, gach bliain, thar thréimhse 20 bliain (infheistíocht iomlán de thart ar €70m).

Beidh ról lárnach ag feirm ghaoithe Charraigeacha Sceirde sa mhéid seo a leanas:

  • cuidiú le hÉirinn a hídiú breosla iontaise a dhéanann damáiste don chomhshaol a laghdú
  • neamhspleáchas agus slándáil fuinnimh na hÉireann a fheabhsú
  • fuinneamh glan in-athnuaite a sholáthar do phobail na hÉireann a laghdaíonn a lorg carbóin

Is féidir leat i bhfad níos mó a léamh faoin tionscadal inár gCeisteanna Coitianta

Cén uair a thógfar an fheirm ghaoithe?

Má fhaigheann an tionscadal toiliú, táimid ag súil leis an bhfeirm ghaoithe a thógáil idir 2026-2029 agus go mbeidh sí ag feidhmiú go hiomlán faoi 2030.

Deireadh Fómhair 2002

Fuinneamh Sceirde Teoranta bunaithe den chéad uair

Meán Fómhair 2021

Ceannaíonn an Green Investment Group Fuinneamh Sceirde Teoranta

Aibreán 2022

Seolann GIG Corio Generation mar fhorbróir gaoithe amach ón gcósta

Nollaig 2022

Toiliú an Limistéir Mhuirí bronnta ar Charraigeacha Sceirde

2026

Tógáil tionscadail le tosú

2030

Beidh an Fheirm Ghaoithe ag feidhmiú

Cá mbeidh an fheirm ghaoithe suite?

Beidh an fheirm ghaoithe suite amach ó chósta Chonamara, c. 5km – c.12km ón mórthír agus tuairim is 8km ón lonnaíocht is gaire i gCarna.

Cé atá freagrach as an tionscadal?

Tá an tionscadal á fhorbairt ag an ngnó gaoithe amach ón gcósta Corio Generation tríd an gcomhlacht Fuinneamh Sceirde Teoranta (FST) atá lonnaithe in Éirinn agus sa Ghaeltacht. Is comhfhiontar é FST atá faoi úinéireacht Corio Generation, comhlacht punainne de chuid Macquarie’s Green Investment Group, agus an infheisteora bonneagair dhomhanda Ontario Teachers’ Pension Plan.

Tá foireann tionscadail FST lárnach in Éirinn, le hoifigí i gCloich na Coillte, Co. Chorcaí agus i gCarna, Co. na Gaillimhe.

Corio Generation

Agus a cheanncheathrú i Londain, an Ríocht Aontaithe, tá Corio Generation (Corio) ina fhorbróir speisialaithe gaoithe amach ón gcósta le punann dhomhanda tionscadal san Eoraip, san Áise-Aigéan Ciúin agus i gCríocha Mheiriceá. Tá Corio ag tógáil feirmeacha gaoithe amach ón gcósta den chéad ghlúin eile a bheidh mar chnámh droma ag an gcóras nua domhanda fuinnimh.

Seoladh Corio i mí Aibreáin 2022 mar chuideachta punainne de Ghrúpa Infheistíochta Glas Macquarie atá ag feidhmiú ar bhonn neamhspleách, agus tá meascán uathúil aige de shaineolas ceannródaíoch earnála agus de rochtain ar chaipiteal fadtéarmach.

Tá Macquarie ag feidhmiú in Éirinn le beagnach scór bliain agus is infheisteoir suntasach é i mbonneagar criticiúil. Bhí ról tábhachtach ag an gcuideachta chun soláthairtí fuinnimh a chur ar fáil agus an t-aistriú go nialas glan á thiomáint aici. Chuidigh sé le forbairt Ollscoil Theicniúil Bhaile Átha Cliath, an tionscadal ‘Dramhaíl go Fuinneamh’ i mBaile Átha Cliath, 10 scoil náisiúnta agus tionscadail shóisialta eile a mhaoiniú, agus is infheisteoir mór é in FBManna na hÉireann.

Ontario Teachers' Pension Plan

Is infheisteoir bonneagair domhanda é Ontario Teachers’ Pension Plan (OTPP) a bhfuil C$26.1 billiún i sócmhainní bonneagair aige ar fud cúig mhór-roinn, lena n-áirítear punann shuntasach de shócmhainní in-athnuaite. 

Mar infheisteoir freagrach fadtéarmach, is comhpháirtí iontach é OTPP chun infheistíocht a dhéanamh in éineacht le Corio Generation i bhFeirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde trína gcomhfhiontar, Fuinneamh Sceirde Teoranta.

Le hoifigí i Hong Cong, Londain, San Francisco, Singeapór agus Toronto, Infheistíonn OTPP i níos mó ná 50 tír chun ioncam scoir a sheachadadh do 333,000 múinteoir reatha agus múinteoir ar scor in Ontario, Ceanada.