Ag éisteacht leis an bpobal
Ó thús 2022 tá ár bhfoireann tionscadail tar éis dul i dteagmháil le raon leathan grúpaí pobail agus daoine aonair i gceantar Chonamara atá in aice leis an tionscadal. Ba é an príomhchuspóir ná grúpaí pobail a chur ar an eolas faoin tionscadal agus breac-chuntas a thabhairt ar an gcaoi a rachaidh an tionscadal chun tairbhe do cheantar Chonamara i gcoitinne agus ar na deiseanna a chuirfidh sé ar fáil do dhaoine aonair, do ghrúpaí, agus don phobal trí chéile.
Gné thábhachtach eile dár rannpháirtíocht sa phobal is ea faisnéis agus soiléireacht a chur ar fáil don phobal maidir le haon cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ag daoine faoin tionscadal agus maidir lena thógáil.
I measc samplaí dár ngníomhaíocht tá:
- Rannpháirtíocht iascairí: In 2022 chuaigh an fhoireann tionscadail agus ár n-oifigeach idirchaidrimh iascaigh i dteagmháil le raon leathan iascairí sa cheantar chun ár suirbhéanna beartaithe a chur i gcrích go rathúil. Leanadh lenár rannpháirtíocht leanúnach leis an ngrúpa seo agus rinneadh tuilleadh suirbhéanna agus oibreacha ar an láthair le déanaí mar thoradh ar chomhairliúchán, comhoibriú agus comhaontuithe idir na hiascairí áitiúla agus foireann an tionscadail.
- Imeachtaí pobail ar nós:
- fógairt ár gCiste Sochair Pobail i mí an Mheithimh 2023
- fáilte curtha roimh níos mó ná 50 soláthróir agus gnólacht náisiúnta agus áitiúil chuig ár n-imeacht Slabhra Soláthair Gnó i mí Dheireadh Fómhair 2023
- ár n-imeacht Faisnéise maidir le Gairmeacha, Oiliúint agus Scileanna, ar fhreastail beagnach céad dalta áitiúil air i mí na Nollag 2023.
- Ár n-imeacht comhairliúcháin oscailte ceithre lá i mí an Mheithimh 2024 a chuir fáilte roimh níos mó ná 150 duine ó réimse leathan pobal timpeall Chonamara agus mórcheantar na Gaillimhe
Is as Carna ár mbainisteoir tiomnaithe Toilithe & Páirtithe Leasmhara, Michael Cloherty, agus oibríonn sé ónár n-oifig tionscadail sa sráidbhaile. Tá Michael ar fáil chun eolas a roinnt agus ceisteanna faoin tionscadal a fhreagairt ag am ar bith ag:
michael.cloherty@sceirderockswindfarm.ie
Teil: 095-49009