Tacaíocht don phobal

Home » Tacaíocht don phobal
An scéal go dtí seo

Mar fhorbróir freagrach, táimid infheistithe go domhain inár bpobail áitiúla agus tiomanta do chinntiú go mbainfidh muintir Chonamara tairbhe as ár dtionscadal.

Idir tús 2023 agus fómhar 2024, chuireamar thart ar €140,000 san iomlán ar fáil idir urraíocht agus síntiúis do thart ar 60 eagraíocht agus tionscnamh áitiúil. Tá an tacaíocht sin leanúnach.

Seo roinnt samplaí de ghrúpaí pobail áitiúla ar thugamar cúnamh dóibh:

  • Seirbhís Cúraim Lae & Iompair do Dhaoine Aosta (Coiste Spreagadh na nAosach), a d’oibrigh leis an bpobal aosta áitiúil arna bhainistiú as Teach Altranais Charna;
  • Urraíocht ar Chumann Húicéirí na Gaillimhe, ag tacú le táillí iontrála na féile, costais tacaíochta na féile, costais chothabhála agus riaracháin in 2023 agus 2024;
  • CLG, LGFA agus clubanna spóirt eile sa cheantar m.sh. Club Dornálaíochta Chonamara, Club Rugbaí na Gaeltachta, clubanna seoltóireachta, srl;
  • Grúpa Athchóirithe Thrá Ghoirtín & Chuan an Mhada;
  • Ionaid seirbhíse áitiúla sa cheantar, m.sh. Scoil Tigh Nan Dooley agus The Elm Tree Centre
  • Scoileanna Náisiúnta agus Meánscoileanna Áitiúla sa cheantar;
  • Imeachtaí áitiúla cultúrtha agus oidhreachta m.sh., Féile Joe Éinniú, Grúpa Oidreachta agus Seandálaíochta Chonamara, Coiste Láir na gCurrachaí.

Cuir ceist orainn faoi thacaíocht a fháil. Táimid an-sásta iarratais ar thacaíocht a fháil ó ghrúpaí pobail áitiúla agus ó thionscnaimh a thagann faoi cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

Cuimsiú pobail agus sóisialta
Teanga, cultúr, na healaíona & oidhreacht
An comhshaol, inbhuanaitheacht & bithéagsúlacht
Spórt, caitheamh aimsire agus oideachas

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil, ba bhreá linn cloisteáil uait. Déan teagmháil linn le haghaidh comhrá tosaigh: 

Ríomhphost: enquiries@sceirderockswindfarm.ie 

Teil: 095-49009 

Ciste Sochair Pobail

Má cheadaítear ár dtionscadal, bunóimid Ciste Sochair Pobail (CBF) ar fiú thart ar €3.5m in aghaidh na bliana é ar feadh 20 bliain (thart ar €70m san iomlán) ó thús na tógála.

Déanfaidh pobail áitiúla cinneadh cá háit agus conas na cistí seo a dháileadh ionas go mbeidh an tionchar is mó acu ar fud Chonamara agus níos faide i gcéin. D’fhéadfadh tionchar bunathraitheach a bheith ag an tacaíocht shuntasach airgeadais seo, rud a thabharfadh deiseanna do dhaoine óga go háirithe scileanna agus bealaí nua fostaíochta a fháil ina bpobail áitiúla.