Ceisteanna Coitianta

Tionscadal Fheirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde

Cén fáth a dteastaíonn feirmeacha gaoithe uainn?

Is é fuinneamh gaoithe an uirlis is mó atá againn in Éirinn chun freagairt don éigeandáil aeráide.

In 2020 shábháil feirmeacha gaoithe ar tír na hÉireann 4.5 milliún tonna de na hastaíochtaí CO2 atá ag scriosadh ár bpláinéid. Is ionann sin agus dhá oiread an méid a shábháil gach teicneolaíocht fuinnimh in-athnuaite eile le chéile.

In 2021, gheall an Rialtas plean gníomhaíochta a fhágfaidh go mbeidh Éire neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050. Beidh orainn bealaí nua a aimsiú chun dul i mbun oibre, chun ár dtithe a théamh, agus chun ár ngnólachtaí agus ár bpobail a chumhachtú.

Beidh níos mó de na rudaí a dhéanaimid gach lá á gcumhachtú ag leictreachas, agus caithfidh foinsí in-athnuaite cosúil le gaoth an leictreachas sin a ghiniúint.

Spriocanna aeráide 2030 na hÉireann
Lena chinntiú go mbeimid ag gluaiseacht i dtreo glanastaíochtaí nialasacha faoi lár an chéid, tá spriocanna atá ceangailteach ó thaobh an dlí leagtha síos ag an Rialtas chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 51 faoin gcéad faoi 2030.

Tá cuid de na hacmhainní gaoithe amach ón gcósta is fearr ar domhan ag Éirinn agus sna deich mbliana amach romhainn ní mór dúinn glúin nua feirmeacha gaoithe amach ón gcósta a thógáil agus a nascadh chun Éire a chumhachtú.

Agus muid ag baint leasa as níos mó den fhuinneamh gaoithe sin agus ag brú breoslaí iontaise amach ón eangach leictreachais, cuideoidh an leictreachas in-athnuaite a ghinimid le hearnálacha eile a gcuid astaíochtaí a laghdú chomh maith.

Laghdóidh leictreachas ó fhuinneamh gaoithe ár spleáchas ar iompar a bhraitheann ar breosla iontaise, de réir mar a leictrítear busanna agus traenacha agus de réir mar a thagann na céadta míle feithicil leictreach nua ar ár mbóithre.

Cumhachtóidh fuinneamh gaoithe na teaschaidéil a úsáidimid inár dtithe agus inár dtionscail, in ionad na gcoirí agus téitheoirí a ritheann ar bhreoslaí iontaise.

Ar fud an gheilleagair, má sháraítear ár spriocanna aeráide, beidh roghanna eile leictreacha againn in ionad teicneolaíochtaí breosla iontaise. Agus de réir mar a chumhachtaíonn an leictreachas níos mó agus níos mó dár saol laethúil, beidh orainn níos mó feirmeacha gaoithe a thógáil.

Cén uair a thógfar an fheirm ghaoithe?

Má cheadaítear an tionscadal, tá súil againn an fheirm ghaoithe a thógáil idir 2026-2029 agus é mar aidhm againn a bheith ag feidhmiú go hiomlán faoi 2030.

Cé chomh mór is a bheidh an fheirm ghaoithe?

Beidh 30 tuirbín san fheirm ghaoithe le huasairde 325m go dtí an rinn. Beidh acmhainn suas le 450 meigeavata aici, agus é de chumas aici dóthain leictreachais a chur ar fáil chun fuinneamh glan, slán, in-athnuaite a sholáthar do níos mó ná 350,000 teach in Éireann.

Chun léarscáil suímh a fheiceáil, téigh chuig: Maidir leis an tionscadal

Cá mbeidh an fheirm ghaoithe suite?

Beidh an fheirm ghaoithe suite idir c.5km agus c.12 km amach ó chósta Chonamara, Contae na Gaillimhe, agus an lonnaíocht is gaire (sráidbhaile Charna) thart ar 8km ón suíomh.

Roghnaíodh an suíomh seo mar gheall ar a shaintréithe fabhracha d’fhorbairt gaoithe amach ón gcósta atá daingnithe ag an mbun. Breithníodh doimhneacht uisce suas le 60m chun bunsraitheanna daingnaithe ag an mbun a éascú.

Conas a rachaidh an fheirm ghaoithe chun tairbhe do phobail áitiúla i gConamara?

Tacaíocht don phobal
Táimid bródúil as a bheith mar chuid de phobal Chonamara agus tiomanta a chinntiú go mbainfidh muintir Chonamara leas as ár dtionscadal.

Idir tús 2023 agus fómhar 2024 chuireamar thart ar €130,000 ar fáil mar thacaíocht do bhreis agus 60 eagraíocht agus tionscnamh áitiúil trí urraíocht agus síntiúis. I measc na samplaí tá:

  • Síntiús don tSeirbhís Cúraim Lae & Iompair do Dhaoine Aosta (Coiste Spreagadh na nAosach) don phobal aosta áitiúil a bhainistítear as Teach Altranais Charna;
  • Urraíocht ar Chumann Húicéirí na Gaillimhe ag tacú le táillí rása, costais fhéile, costais chothabhála agus riaracháin d’fhéilte i gConamara in 2023 agus 2024;
  • Tacaíocht do chlubanna áitiúla CLG agus LGFA agus clubanna spóirt eile sa cheantar m.sh. Club Dornálaíochta Chonamara, Club Rugbaí na Gaeltachta, clubanna Seoltóireachta srl;
  • Scoileanna Áitiúla Náisiúnta agus Meánscoileanna;
  • Ionaid seirbhíse áitiúla sa cheantar, m.sh. Scoil Tigh Nan Dooley agus The Elm Tree Centre
  • Imeachtaí áitiúla cultúrtha agus oidhreachta m.sh., Féile Joe Éinniú, Grúpa Oidreachta agus Seandálaíochta Chonamara, Coiste Láir na gCurrachaí.
    Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin tacaíocht leanúnach seo, agus teagmháil a dhéanamh linn faoi conas do spéis maidir le bheith i d’fhaighteoir a chlárú, ar ár leathanach Tacaíocht don Phobal.

Ciste Sochair Pobail
Má cheadaítear ár dtionscadal, faoi théarmaí na dámhachtana ORESS bunóimid Ciste Sochair Pobail ar fiú suas le €3.5m in aghaidh na bliana é ar feadh 20 bliain (suas le €70m san iomlán) ó thús na tógála.

Déanfaidh pobail áitiúla cinneadh cá háit agus conas na cistí seo a dháileadh ionas go mbeidh an tionchar is mó acu ar fud Chonamara agus níos faide i gcéin. D’fhéadfadh tionchar bunathraitheach a bheith ag an tacaíocht shuntasach airgeadais seo, rud a thabharfadh deiseanna do dhaoine óga go háirithe scileanna agus bealaí nua fostaíochta a fháil ina bpobail áitiúla.

[Mar chomparáid, faoi láthair bainistíonn an feirm ghaoithe ar tír i bPáirc Gaoithe na Gaillimhe ceann de na cistí sochair phobail is mó in Éirinn a bhaineann le tionscadal fuinnimh gaoithe. Dáileann sé €400k in aghaidh na bliana.]

Scileanna agus Infheistíocht
Spreagann tionscadail mhóra amhail Carraigeacha Sceirde infheistíocht eacnamaíoch, scileanna agus oiliúint agus cruthú post san fhadtéarma, go díreach nó go hindíreach, tríd an slabhra soláthair agus trí fhorbairt bonneagair. Tionscadal amháin is ea ár dtionscadal i measc go leor eile a éileoidh, le chéile, claochlú suntasach i ngeilleagar fuinnimh na hÉireann agus fórsa saothair ard-oilte nua chun tacú leis.

Tá sprioc fhadtéarmach 37GW de ghaoth suiteáilte amach ón gcósta ag Éirinn faoi 2050. Cruthaíonn sé seo an dúshlán freastal ar an ngá atá le hoiliúint a chur ar oibrithe na hÉireann chun freastal ar éilimh thionscal na gaoithe amach ón gcósta. I mí Dheireadh Fómhair 2024, d’fhoilsigh an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Plean Gníomhaíochta um Scileanna Gaoithe amach ón gCósta* a mholann go gcomhoibríonn Rialtas na hÉireann go dlúth le Tionscal Gaoithe Amach ón gCósta na hÉireann agus le soláthraithe ábhartha cúrsaí tríú páirtí lena chinntiú go bhfuil na scileanna ar fáil in Éirinn chun tacú le seachadadh tionscadal. Tríd an gcéim toilithe, deartha & innealtóireachta agus céim na tógála tá sé i gceist againn tacú le bonn scileanna dúchasach Éireannach a bhunú agus tacóimid le háiseanna oideachais chun cúrsa oiriúnach a sholáthar chun oiliúint a chur ar dhaoine leis na scileanna cuí don tionscal gaoithe amach ón gcósta.

Cumhachtú Rathúnais – Straitéis Thionsclaíoch na hÉireann um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta1 Leagar amach sa straitéis seo, a foilsíodh i mí an Mhárta 2024, bealach chun tairbhe eacnamaíoch a bhaint amach d’Éirinn ar fad. Is é seo an chéad leagan den straitéis a dhíríonn ar an tréimhse go dtí 2026 ach ag féachaint chun cinn go 2030 agus aithníonn sé seachadadh suas le 5,000 post san earnáil ghaoithe amach ón gcósta agus i dtionscail ghaolmhara.

Cé go bhfuil sé ró-luath i saolré ár dtionscadail an tionchar seo a chainníochtú go mion, tá deis ag Conamara trínár dtionscadal a bheith mar chuid den athrú sin agus na buntáistí a bheidh ag baint leis. In oirchill na deise seo, tá Feirm Gaoithe Charraigeacha Sceirde tar éis Meabhrán Tuisceana a shíniú le hÚdarás na Gaeltachta chun comhoibriú ar an méid seo a leanas:

  • Tionscnaimh oideachais agus oiliúna a bhunú agus tacú leo laistigh de réigiún na Gaeltachta chun lucht saothair oilte a chur ar fáil chun tacú le soláthar tionscadal gaoithe amach ón gcósta;
  • Róil agus freagrachtaí riarthóir Chiste Sochair Pobail ORESS1 a imscrúdú;
  • I gcomhpháirt agus i dteannta a chéile, bonn oibríochtaí agus cothabhála a chur ar fáil don togra ag Ros an Mhíl i nGaeltacht Chonamara.

Tá Feirm Gaoithe Charraigeacha Sceirde ina ball rannpháirteach freisin d’Ionad Barr Feabhais Gairme na hÉireann um Ghaoth amach ón gCósta, tionscnamh tionscail ar fud an AE chun naisc láidre a bhunú idir gnólachtaí agus soláthraithe oiliúna agus chun tacú le seachadadh na hoiliúna praiticiúla agus an tsaineolais theicniúil is gá le go n-éireoidh leo sa tionscal.

Foinsí:
* gov.ie – Plean Gníomhaíochta um Scileanna Gaoithe amach ón gCósta 2024
** gov.ie – Cumhachta Rathúnais – Straitéis Thionsclaíoch na hÉireann um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta (www.gov.ie)

Cén fáth nach féidir leis an bhfeirm ghaoithe a bheith níos faide amach ón gcósta?

Is féidir tuirbíní gaoithe daingnithe ag an mbun a shuiteáil faoi láthair suas go dtí doimhneacht ghrinneall farraige uasta thart ar 60m.

Titeann grinneall na farraige sa limistéar seo den chósta thiar le fána go mór tuairim is 12 km ón gcladach, rud a fhágann nach féidir feirm ghaoithe bhuan seasta a thógáil níos faide amach.

An mbeidh tionchar ag an bhfeirm ghaoithe ar fhiadhúlra agus ar an timpeallacht nádúrtha? Conas a dhéanfaidh tú é sin a bhainistiú?

Roghnaíodh suíomh an fheirm ghaoithe d’fhonn limistéir atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de a sheachaint, lena n-áirítear Limistéir Chaomhantais Speisialta (SACanna), Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPAanna) agus Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (NHAanna).

Clúdófar go cuimsitheach réimse leathan suirbhéanna, measúnuithe agus tuarascálacha comhshaoil a chlúdaíonn gnéithe amhail éin agus mamaigh mhuirí, iascaigh, amhairc, beantach, iasc agus sliogéisc, loingseoireacht, agus tosca comhshaoil eile i dTuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta agus Ráiteas Tionchair Natura a chuirfimid isteach mar chuid d’iarratas pleanála Feirmeacha Gaoithe Charraigeacha Sceirde chuig an mBord Pleanála ag deireadh 2025. Leagtar amach sna tuarascálacha seo conas a bheartaímid aon éifeachtaí féideartha a mhaolú lena chinntiú nach mbeidh tionchar diúltach suntasach ag an tionscadal ar an gcomhshaol agus ar na daoine a chónaíonn ann.

Beidh an fhaisnéis seo ar fad ar fáil go poiblí ar láithreán gréasáin tiomnaithe tráth na haighneachta.

Cén tionchar a bheidh ag an bhfeirm ghaoithe ar thionscail áitiúla ar nós na hiascaireachta agus na turasóireachta?

Tá sé ríthábhachtach go n-oibreodh úsáideoirí éagsúla na farraige le chéile agus táimid tiomanta do bheith inár gcomhpháirtí freagrach do thionscail eile. Chuamar i dteagmháil go forleathan le hiascairí áitiúla, ag roinnt faisnéise agus sonraí agus ag bainistiú ár gcuid oibre suirbhéireachta lena n-ionchur, agus ag tógáil caidreamh dearfach agus comhoibríoch.

Maidir leis an turasóireacht, is féidir a dhearbhú do lucht gnó nár thuairiscigh staidéir iomadúla a rinneadh ar fud an AE aon nasc idir láithreacht feirmeacha gaoithe amach ón gcósta agus aon tionchair dhiúltacha ar an turasóireacht, agus go bhféadfadh tionchar na bhfeirmeacha gaoithe amach ón gcósta ar an turasóireacht a bheith dearfach i gcásanna áirithe*. Faigheann na háiseanna taitneamhachta ag feirm ghaoithe Dhroim Cáithe i gCo Uíbh Fhailí, mar shampla, na mílte cuairteoir gach bliain**.

Foinsí:
* tourism-impact-of-offshore-wind-farms—final-report—-jg-300921.pdf (vattenfall.com)
** The Project | Mountlucas Wind Farm