Misneach tugtha do scoláirí Chonamara ag imeacht scileanna agus gairme Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde. 5ú Nollaig 2023

Fáiltíodh roimh scoláirí áitiúla ó Chonamara chuig ceardlann scileanna agus oideachais speisialta a d’eagraigh Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde an tseachtain seo caite, agus bhí deis ag na scoláirí léargas a fháil ar na deiseanna iontacha fostaíochta atá ag teacht chun cinn i bhfuinneamh in-athnuaite.

D’fhreastail beagnach céad scoláire ó cheithre mheánscoil ar Ócáid Faisnéise Post, Oiliúna agus Scileanna Fheirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach, i gCarna, Co. na Gaillimhe ar an 5 Nollaig.

Phléigh ionadaithe ó Fheirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde agus eagraíochtaí eile lena n-áirítear Fuinneamh Gaoithe Éireann, Ollscoil na Gaillimhe agus Coláiste Náisiúnta Mara na hÉireann, le ceisteanna faoi staidéar, oiliúint agus forbairt gairme san earnáil ghaoithe amach ón gcósta agus san earnáil fuinnimh in-athnuaite níos leithne.

Ina theannta sin d’fhreastail baill den phobal, lena n-áirítear comhairleoirí áitiúla, iascairí agus ceardaithe, ar sheisiún faisnéise tráthnóna chun cloisteáil faoi fhorbairt an tionscadail agus faoi dheiseanna do dhaoine óga staidéar a dhéanamh agus oiliúint a fháil le haghaidh fostaíochta i róil a thacaíonn le fás an fhuinnimh in-athnuaite agus leis an aistriú go geilleagar ísealcharbóin.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Ella Ní Mhadaoin, scoláirí sa 5ú Bliain i Scoil Phobail Mhic Dara: “Thaitin imeacht Fheirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde go mór liom, bhí go leor eolais le fáil agus bhí sé suimiúil; bhí ionadh orm maidir leis an raon leathan gairmeacha san earnáil fuinnimh gaoithe. Bhí an-áthas orm a bheith ag fáil amach faoi na deiseanna agus na róil éagsúla atá ann do mhná óga cosúil liom féin, agus an deis a bheith ag obair ar thionscadal áitiúil chomh spreagúil.”

Dúirt Tim Coffey, Stiúrthóir Tionscadail le Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde: “B’iontach an rud é fáilte a chur roimh an oiread sin daoine óga ónár bpobal inniu, agus ár dtaithí ar shlite beatha suimiúla agus tairbheacha a fhorbairt san fhuinneamh in-athnuaite a roinnt leo”.

Is iad na daoine óga seo ár dtodhchaí i ndáiríre, agus ba mhór an spreagadh é iad a fheiceáil gafa chomh mór sin lena bhfuil ar siúl againn ag Carraigeacha Sceirde, chomh maith leis an tsuim a léirigh siad i dtodhchaí ár dtírdhreacha fuinnimh. Trí dhul i gcomhar lenár gcomhghleacaithe san oideachas tá súil againn roinnt daoine óga a chothú – táim cinnte go bhfeicfimid cuid acu sin arís amach anseo, ag obair i bpoist thar a bheith tábhachtach san earnáil fuinnimh in-athnuaite i nGaillimh agus níos faide i gcéin.

Ba é imeacht na seachtaine seo caite an ceann is deireanaí i sraith fhada de ghníomhaíochtaí áitiúla a thosaigh le seoladh an Chiste Sochair Pobail i mí an Mheithimh – táthar ag súil go gcuirfidh Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde €70m ar fáil do thionscnaimh phobail áitiúla, thar thréimhse 20 bliain, tríd an gCiste Sochair Pobail i gcomhar le riarthóir ciste neamhspleách.

Maidir le Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde

Beidh feirm ghaoithe 450 MW amach ón gcósta Charraigeacha Sceirde lonnaithe idir 5 agus 12 km amach ó chósta Charna, Conamara, Co na Gaillimhe agus ginfear dóthain leictreachais in-athnuaite chun freastal ar riachtanais 350,000 teach. Táthar ag súil go ndéanfar an tógáil idir 2026 agus 2029, ag seachadadh fuinneamh in-athnuaite faoi 2030.

Tá Feirm Ghaoithe amach ón gCósta Charraigeacha Sceirde á forbairt ag Corio Generation, cuideachta phunainne de chuid Macquarie Asset Management, tríd an gcomhlacht Éireannach atá bunaithe sa Ghaeltacht, Fuinneamh Sceirde Teoranta (FST). Is comhfhiontar é FST atá faoi úinéireacht Corio agus infheisteoir bonneagair domhanda, Ontario Teachers’ Pension Plan.

Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar: Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde | Ag Soláthar Cumhacht do Phobail na hÉireann