Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde, Obair suiomh agus Imeact Solátharai Gnó Deireadh Fomhair 2023

Tá sé dearbhaithe ag Fuinneamh Sceirde Teoranta (FST) go bhfuil obair shuirbhéireachta ar muir thart timpeall ar shuíomh Sceirde tosaithe an tseachtain seo agus go leanfar ar aghaidh leis sna seachtainí amach romhainn. Baileoidh na suirbhéanna eolas comhshaoil riachtanach a bheidh ag teastáil do dhearadh agus d’fhorbairt iarratas pleanála an tionscadail.

Ar an Máirt, d’fhreastail os cionn 50 soláthraí náisiúnta agus áitiúil ar imeacht i gCarna a d’óstáil FST a leag amach na deiseanna a bheidh ar fáil do chomhlachtaí sa slabhra soláthair le linn thionscadal Fheirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde a thógáil agus a oibriú. Bhí áthas ar FST leis an líon daoine a tháinig agus táimid buíoch as a gcúnamh agus as an tacaíocht áitiúil a fuair an tionscadal go dtí seo.  

Nuair a bheidh sé faoi lán seoil, tá sé i gceist ag Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde a dhóthain leictreachais ghlan a ghiniúint chun níos mó ná 350,000 teach a chumhachtú agus cabhrú le cuspóir na hÉireann a bhaint amach chun 80% d’fhuinneamh a ghiniúint trí fhuinneamh in-athnuaite faoi 2030. Cuirfidh an tionscadal isteach agus amach le €70 milliún ar fáil sna 20 bliain amach romhainn do phobail áitiúla tríd an gCiste Sochair Pobail.