Imeacht Foirne Charraigeacha Sceirde ar an Láthar i gCarna

I mí Mheán Fómhair tháinig 14 bhall d’fhoireann tionscadail Charraigeacha Sceirde de chuid Corio le chéile i nGaillimh le haghaidh cruinniú foirne agus turas taithíochta in iarthar na hÉireann.

Tar éis dóibh lón oibre a bheith acu, chaith an fhoireann an chuid eile den tráthnóna ag dul tríd an tionscadal go mion, ag cur síos ar an dul chun cinn suntasach a rinneadh ó ceannaíodh an tionscadal i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus ag pleanáil forbairtí amach anseo.

An lá dár gcionn chuaigh an fhoireann siar go Conamara, agus chuaigh siad go cuan Ros a Mhíl i dtosach. Chas siad anseo le máistir an chuain a thug turas agus léargas ar an gcuan agus ar na pleananna chun é a leathnú agus a fhorbairt amach anseo.

Tar éis Ros a Mhíl, lean an fhoireann lena n-aistear siar go Carna agus stop siad ag Ionad na nInimirceach agus an Diaspóra, áit ar tugadh buntreoir dóibh maidir leis an stair áitiúil agus an tseandálaíocht.

Chuaigh an fhoireann go trá Mhaírois agus thug siad faoi thuras treoraithe ar chonair siúlóide Lúibín Mhaírois go Ceann Mhása. Bhí sé seo tábhachtach don fhoireann tionscadail níos leithne chun tuiscint a fháil ar an gceantar ina bhfuil an tionscadal lonnaithe.

Buaicphointe na siúlóide agus an turais a bhí ann ag pointe Cheann Mhása, áit a raibh suíomh Charraigeacha Sceirde i radharc iomlán agus soiléir le feiceáil ar lá chomh breá sin.