Tugadh moladh do sprioc na hÉireann maidir le gaoth amach ón gcósta ag comhdháil Wind Energy Ireland

Dúirt Séamus McCabe, Stiúrthóir Forbartha Sinsearach ag Corio Generation, ag labhairt dó ag Comhdháil WindEnergy Ireland maidir le Gaoth amach ón gcósta in 2022 i mBaile Átha Cliath — comhdháil atá urraithe ag Corio Generation — dúirt sé go raibh sé “sásta a fheiceáil go bhfuil lántairbhe á baint ag Éirinn as an dul chun cinn ceannródaíoch i dteicneolaíocht gaoithe amach ón gcósta”.

“Tá gealltanas misniúil uaillmhianach tugtha ag Éirinn 7 GW d’acmhainneacht gaoithe amach ón gcósta a sholáthar faoi 2030. Tacaímid go hiomlán leis an bhfís seo agus táimid tiomanta oibriú go dlúth le pobail áitiúla agus leis an rialtas chun a chinntiú go gcuirfidh Carraigeacha Sceirde go mór leis an sprioc seo chomh tapa agus is féidir,” a dúirt sé.

“Cuireann an ghaoth amach ón gcósta foinse nua ríthábhachtach de leictreachas glan, inacmhainne agus dúchasach ar fáil, rud a laghdaíonn spleáchas na hÉireann ar bhreoslaí iontaise agus a théann i ngleic leis an athrú aeráide. Má bhronntar cead pleanála ar Fheirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde, d’fhéadfadh sé infheistíocht shuntasach pobail agus deiseanna fostaíochta a chur ar fáil agus, san fhadtéarma, cabhrú le billí fuinnimh a ísliú agus slándáil fuinnimh a thairiscint.”

De réir riachtanais na Scéime Tacaíochta atá beartaithe maidir le Leictreachas In-athnuaite Amach ón gCósta, bhunódh tionscadal Charraigeacha Sceirde Ciste Sochair don Phobal. Nuair a bheidh an togra ag feidhmiú, beidh an ciste ilmhilliún euro ar fáil do ghrúpaí in Iardheisceart Chonamara thar thréimhse 15 bliana, chun tacú le réimse tionscnamh inbhuanaithe pobail.

Cheannaigh an Grúpa Infheistíochta Glas (GIG) Fuinneamh Sceirde Teoranta i mí Mheán Fómhair 2021 agus tá sé á bhainistiú anois ag Corio Generation, a bhunaigh GIG mar shainghnó gaoithe amach ón gcósta i mí Aibreáin 2022.