Suirbhéanna geoifisiceacha ar an limistéar muirí curtha i gcrích

Tá foireann Fheirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde ag dul i gcomhairle leis an bpobal iascaireachta áitiúil agus, idir Meitheamh agus Meán Fómhair, chríochnaigh siad suirbhé geoifisiceach ar an gceantar muirí áitiúil chun tacú le dearadh agus pleanáil tionscadail. Déanann an suirbhé seo mapáil ar ghrinneall na farraige trí úsáid a bhaint as trealamh ar nós sonóra agus sondálaithe fuaime.

Níos luaithe, i mí an Mheithimh 2022, chuir forbróir Fheirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde isteach ar thoiliú Limistéir Mhuirí. Cuirfidh sé seo ar chumas do Charraigeacha Sceirde dul san iomaíocht sa chéad Scéim Tacaíochta do Leictreachas In-athnuaite Amach ón gCósta in Éirinn a osclóidh in 2023.

Léigh tuilleadh ar shuíomh gréasáin Corio: 

[Carraigeacha Sceirde: an chéad mhórfheirm ghaoithe amach ón gcósta ar chósta thiar na hÉireann — Corio Generation]