Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde roghnaithe sa chéad cheant gaoithe amach ón gcósta in Éirinn

  • Tá Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde amach ó chósta Chonamara le bheith ar an gcéad fheirm ghaoithe amach ón gcósta ar chósta thiar na hÉireann
  • Ginfidh an tionscadal seo go leor cumhachta a ghiniúint do 350,000 teach in Éirinn agus déanfar infheistiú €3.5 milliún sa bhliain sa phobal áitiúil
  • Tagann toradh sealadach ceant tar éis don tionscadal cead limistéir muirí a bhaint amach i mí na Nollag

Déanfaidh Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde amach ó chósta thiar na hÉireann go leor leictreachas glan a ghiniúint le cumhacht a thabhairt do níos mó ná 350,000 teach, tar éis do rialtas na hÉireann a fhógairt go bhfuil an tionscadal ainmnithe mar thionscadal ar éirigh go sealadach leis i gcéad cheant gaoithe amach ón gcósta na tíre, ar cheant stairiúil é.

Dheimhnigh oibritheoir eangaí fuinnimh na hÉireann, EirGrid, agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide inniu gur éirigh (ar bhonn sealadach) le ceithre fheirm ghaoithe ar fiú níos mó ná 3 GW iad – lena n-áirítear tionscadal 450 MW Charraigeacha Sceirde – faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (ORESS 1).

Is torthaí sealadacha iad sa mhéid go bhfuil siad faoi réir ghnáthphróisis daingnithe agus státchabhrach na Scéime Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite, agus táthar ag súil go mbeidh an dá cheann acu críochnaithe faoi lár mhí an Mheithimh.

“Is lá iontach é seo in aistriú na hÉireann chun geilleagar a thógáil a fhaigheann cumhacht ó fhuinneamh in-athnuaite,” a dúirt Tim Coffey, Stiúrthóir Tionscadail ó Corio Generation, forbróir Fheirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde.  “Tá sprioc uaillmhianach socraithe ag an rialtas 80% d’fhuinneamh a ghiniúint trí fhoinsí in-athnuaite faoi 2030, lena n-áirítear 7 GW ón ngaoth amach ón gcósta, agus tá Carraigeacha Sceirde ar cheann de na chéad fheirmeacha gaoithe amach ón gcósta atá in ann an sprioc seo a fhíorú.’’

Lean Coffey air: “Tá ár bhfoireann thar a bheith bródúil gur roghnaíodh Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde chun leictreachas a sholáthar d’eangach fuinnimh na hÉireann. Táimid fíorbhuíoch don phobal as a dtacaíocht leanúnach do thionscadal a thabharfaidh infheistíocht agus deiseanna fostaíochta a bhfuil géarghá leo go ceantar Chonamara. Tá ár bhfoireann atá lonnaithe go háitiúil ag tnúth le go leor comhráite eile agus muid ag leanúint ar aghaidh ag caint le baill an phobail agus ag éisteacht lena bhfuil uathu ón tionscadal agus lena n-uaillmhianta ina leith.”

Bainfidh Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde, atá suite amach ó chósta Chontae na Gaillimhe, in aice le Carna i gConamara, bainfidh sí leas as ceann de na hacmhainní gaoithe is cumhachtaí ar domhan ar chósta Atlantach na hÉireann. Nuair a bheidh an tionscadal 450 MW i bhfeidhm, ginfidh sé go leor leictreachas in-athnuaite chun tuairim is 550,000 tona CO2 a sheachaint, is ionann é sin agus 180,000 carr peitril a bhaint den bhóthar.

Mar cheann de na forbairtí bonneagair is mó a beartaíodh riamh sa réigiún, tabharfaidh an tionscadal raon buntáistí don phobal le linn a chéimeanna forbartha, tógála agus oibriúcháin. Beidh Ciste Sochair Pobail ar fiú na milliúin euro é ar fáil thar thréimhse 20 bliain chun tacú le raon tionscnamh pobail inbhuanaithe in iardheisceart Chonamara, agus déanfar €3.5 milliún a infheistiú in aghaidh na bliana nuair a bheidh an fheirm ghaoithe ag feidhmiú.

Tagann fógra ceant an lae inniu i ndiaidh garspriocanna tionscadail Charraigeacha Sceirde a baineadh amach le déanaí lena n-áirítear suirbhéanna tosaigh a cuireadh i gcrích i gcomhar leis an bpobal iascaireachta áitiúil, chomh maith le Cead Limistéir Muirí a baineadh amach i mí na Nollaig anuraidh. Rachaidh an tionscadal ar aghaidh chuig iarratas pleanála ar chead forbartha níos déanaí in 2023.

Tá Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde á forbairt ag Corio Generation, ar mórghnólacht gaoithe amach ón gcósta é, tríd an gcomhlacht Éireannach atá bunaithe sa Ghaeltacht, Fuinneamh Sceirde Teoranta (FST). Is comhfhiontar é FST atá faoi úinéireacht Corio, cuideachta phunainne de chuid Macquarie’s Green Investment Group, agus infheisteoir bonneagair domhanda Ontario Teachers’ Pension Plan.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar www.sceirderockswindfarm.ie.

 

Maidir le Corio Generation

Is sainghnólacht gaoithe amach ón gcósta é Corio Generation atá tiomanta do leas a bhaint as fuinneamh in-athnuaite ar fud an domhain. Le meascán uathúil de shaineolas atá ar thús cadhnaíochta san earnáil agus rochtain dhomhain ar chaipiteal fadtéarmach, oibrímid go dlúth lenár gcomhpháirtithe chun tionscadail a chruthú agus a bhainistiú óna mbunú, ar aghaidh go dtí forbairt agus tógáil, agus ansin go dtí oibríochtaí na dtionscadal.

Tá ceann de na píblínte tionscadail gaoithe amach ón gcósta is mó ar domhan ag Corio le níos mó ná 30 GW á forbairt ar fud na hEorpa, i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise agus i gCríocha Mheiriceá. Cuimsíonn ár bpunann tionscadal margaí seanbhunaithe agus margaí atá ag teacht chun cinn, chomh maith le teicneolaíochtaí ar snámh agus cinn a bhfuil dúshraith dhaingnithe acu. Beidh na tionscadail ghaoithe amach ón gcósta seo den chéad ghlúin eile mar chloch choirnéil sa chóras fuinnimh domhanda a bheidh neodrach, agus freastalóidh siad ar riachtanais fuinnimh na bpobal agus na gceannaitheoirí corparáideacha ar bhealach atá inbhuanaithe, iontaofa, sábháilte agus freagrach.

Is comhlacht punainne de chuid Ghrúpa Infheistíochta Glas (GIG) é Corio Generation, a fheidhmíonn ar bhonn neamhspleách. Is infheisteoir glas speisialaithe é GIG laistigh de Macquarie Asset Management, atá mar chuid de Macquarie Group. Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar coriogeneration.com agus lean muid ar Twitter @CorioGeneration

Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar coriogeneration.com agus lean muid ar Twitter @CorioGeneration 

 

Teagmháil na Meán

Will Henley, Ceannasaí Gnóthaí Corparáideacha

Corio Generation
Fón: +44 7840 850 183

Ríomhphost: will.henley@coriogeneration.com