Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde chun Ciste Sochair Pobail a chruthú

Tar éis dó a bheith roghnaithe sa chéad cheant gaoithe amach ón gcósta in Éirinn, d’fhógair Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde pleananna chun maoiniú €70 milliún a sholáthar do phobail áitiúla trí Chiste Sochair Pobail nua ar feadh 20 bliain.

Cuideoidh an Ciste Sochair Pobail, a bheidh á bhainistiú ag riarthóir neamhspleách ciste, le tionscnaimh atá á dtreorú ag an bpobal i gcomhairle le daoine áitiúla ar fud Chonamara a mhaoiniú chun a chinntiú go bhfuil Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde ina údar iontach athraithe.

Dúirt Michael Cloherty, Ceannasaí Toilithe agus Páirtithe Leasmhara d’Fheirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde: “Beidh sé seo ar cheann de na forbairtí bonneagair is mó riamh i réigiún Chonamara agus creidimid go bhféadfadh tionchar dearfach claochlaitheach a bheith aige. Tabharfaidh sé infheistíocht, forbairt eacnamaíoch agus deiseanna fostaíochta, mar aon le Ciste Sochair Pobail suntasach chun tacú leis an bpobal áitiúil.

“Beidh ról lárnach ag an gCiste Sochair Pobail maidir le tacú le gníomhaíochtaí pobail ar an talamh a bhfuil leas eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha seasmhach ag baint leo, lena n-áirítear cuidiú le teanga, cultúr agus traidisiúin na Gaeltachta a chaomhnú a fhágann go bhfuil an ceantar seo uathúil .”

Rinneadh an ciste a fhógairt ag ócáid phobail ar an Déardaoin 22 Meitheamh 2023 ag Emigrants Commemoration Centre, Ionad Cuimhneacháin na nImirceach, i gCarna. Thug an ócáid le chéile ionadaithe ó fhorbróir an tionscadail, Corio Generation, páirtithe leasmhara áitiúla agus éascaitheoirí forbartha pobail Údarás na Gaeltachta.

Tá Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde le tógáil idir 2026 agus 2029 agus táthar ag súil go mbeidh sí i bhfeidhm faoi 2030. Beidh an Ciste Sochair Pobail lánghníomhach nuair a bheidh an tionscadal i bhfeidhm, agus beidh eisíocaíochtaí luatha ar fáil chun tacú le tionscnaimh phobail atá á dtreorú go háitiúil ó cuireadh tús leis an tógáil. Sa tréimhse sula gcuirfear tús leis an tógáil, beidh an forbróir ag tacú le tionscnaimh áitiúla trí chiste tacaíochta pobail ar leithligh ar scála níos lú.

Tar éis an Chiste Sochair Pobail a fhógairt, bunófar coiste pobail chun cinneadh a dhéanamh ar an mbealach is fearr le maoiniú a leithdháileadh ar na bealaí is éifeachtaí a rachaidh chun leasa Chonamara, de réir leabhar rialacha ORESS atá leagtha síos ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Beidh páirtithe leasmhara áitiúla agus saineolaithe ó chúlraí éagsúla ar an gcoiste a chruthóidh Plean Seachadta um Chiste Sochair Pobail i gcomhairle le baill an phobail.

I gcás gach meigeavata-uair (MWh) de leictreachas a ghineann an fheirm ghaoithe, cuirfear €2 isteach sa Chiste Sochair Pobail. Déanfar ranníocaíochtaí leis an gciste don chéad 20 bliain d’fheidhmiú an tionscadail agus táthar ag súil go mbeidh €70 milliún san iomlán sa chiste thar a shaolré.

Maidir leis an tionscadal:

I mBealtaine 2023, dheimhnigh oibreoir eangaí fuinnimh na hÉireann EirGrid agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide go raibh Carraigeacha Sceirde ar cheann de cheithre fheirm ghaoithe ar éirigh leo faoi chéad Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Eischósta (ORESS 1) na tíre.

Ginfidh an tionscadal 450 MW fuinneamh glan, glas, iontaofa, ag soláthar dóthain fuinnimh iontaofa agus inacmhainne chun tacú le níos mó ná 350,000 teach go náisiúnta. Tacaíonn an fhorbairt le gealltanais na hÉireann faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2022. Cuirfidh an tionscadal deiseanna fostaíochta fadtéarmacha áitiúla, forbairt eacnamaíoch agus deiseanna gnó ar fáil. Cheana féin, tá €1 milliún d’infheistíocht áitiúil mar thoradh ar fhorbairt tionscadail.

Tá Carraigeacha Sceirde á fhorbairt ag Corio Generation, comhlacht punainne le Green Investment Group de chuid Macquarie Asset Management, tríd an gcomhlacht Fuinneamh Sceirde Teoranta (FST) de chuid na hÉireann agus atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Is comhfhiontar é FST atá faoi úinéireacht Corio agus infheisteoir bonneagair dhomhanda Ontario Teachers’ Pension Plan.

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an tionscadail: sceirderockswindfarm.ie

 

Maidir leis an gCiste Sochair Pobail

Tá bunú Ciste Sochair Pobail éigeantach d’fhorbairtí feirmeacha gaoithe ar éirigh leo faoi ORESS 1. Ríomhtar an ciste, a thosaíonn ag tús thógáil an tionscadail, ag ráta €2/MWh de leictreachas a onnmhairítear ó fheirm ghaoithe ar feadh 20 bliain. Tá an ciste iomlán, €70 milliún, bunaithe ar mheastachán bliantúil de €3.5 milliún in aghaidh na bliana ar feadh 20 bliain.

Beidh grúpaí pobail agus daoine aonair in ann tacaíocht a lorg tríd an gCiste Sochair Pobail. Féachfaidh riarthóir an chiste, nuair a roghnófar é/í, le páirtithe leasmhara áitiúla ábhartha a chur san áireamh i gCoiste an Chiste Sochair Pobail, a rachaidh i gcomhairle ansin le pobail áitiúla agus Plean Seachadta Forbartha an Chiste Sochair Pobail á chruthú.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi chistí sochair pobail ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide a fháil ar líne i Leabhar Rialacha Chiste Sochair Pobail ORESS1 do Ghineadóirí agus Riarthóirí.

 

Maidir le Corio Generation

Is sainghnó gaoithe amach ón gcósta é Corio Generation atá tiomanta do leas a bhaint as fuinneamh in-athnuaite ar fud an domhain. Leis an saineolas tionsclaíoch ceannasach atá againn agus rochtain dhomhain ar chaipiteal fadtéarmach, oibrímid go dlúth lenár gcomhpháirtithe i gcruthú agus i mbainistiú tionscadal ó thionscnamh, forbairt agus tógáil, agus in oibríochtaí.

 

Is cuideachta phunainne de chuid an Green Investment Group (GIG) é Corio Generation, a oibríonn ar bhonn neamhspleách. Is infheisteoir glas speisialaithe é GIG laistigh de Macquarie Asset Management, mar chuid de Macquarie Group. Tuilleadh eolais: www.coriogeneration.com

 

Teagmháil leis na Meáin:

Will Henley, Ceann Gnóthaí Corparáideacha
Corio Generation
Fón: +44 7840 850 183
R-phost: will.henley@coriogeneration.com