Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde i gcomhpháirtíocht le Cumann Húicéirí na Gaillimhe do shéasúr na féile seoltóireachta

  • Tá Feirm Ghaoithe Carraigeacha Sceirde tar éis dul i gcomhar le Cumann Húicéirí na Gaillimhe i gcomhpháirtíocht fhairsing a chuimsíonn féilte seoltóireachta an tséasúir seo.
  • Tá an urraíocht ar fhéile seoltóireachta áitiúil Fhéile an tSrutháin an deireadh seachtaine seo mar an píosa comhoibrithe is déanaí leis an gcumann.

Tá Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde chun urraíocht a dhéanamh ar an rás seoltóireachta móréilimh na Ceathrún Rua thar Dé Sathairn 19 Lúnasa agus Dé Domhnaigh 20 Lúnasa, mar chuid de chomhpháirtíocht níos leithne le Cumann Húicéirí na Gaillimhe.

Tá urraíocht Charraigeacha Sceirde tar éis séasúr iomlán na bhféilte seoltóireachta Húicéirí na Gaillimhe a chuimsiú, agus rás Fhéile an tSrutháin socraithe le bheith mar rás leathdhéanach sa tsraith féilte.

Taispeánfaidh an regatta seoltóireachta i Srutháin, An Cheathrú Rua báid uathúla Éireannacha, ar nós curachaí agus Húicéirí na Gaillimhe, a úsáidtear go traidisiúnta ar fud Chuan na Gaillimhe, feadh chósta Chonamara agus Thuaisceart an Chláir. Chomh maith leis an ngníomhaíocht seoltóireachta, beidh go leor imeachtaí eile ag tarlú i rith an deireadh seachtaine, lena n-áirítear, beannacht na mbád ar fad, taispeántas de chuid Gharda Cósta na hÉireann, gníomhaíochtaí do ghasúir, comórtas iascaireachta agus ceol agus siamsaíocht traidisiúnta.

De réir mar a fhorbraíonn tionscadal Charraigeacha Sceirde, beidh sé ag roinnt an ghaoth agus an timpeallacht mhuirí chéanna leis na húicéirí, ag rith in aice le go leor de na féilte rásaíochta.

Dúirt Micheál O Clochártaigh, Ceannaire Pobail agus Páirtithe Leasmhara d’Fheirm Gaoithe Carraigeacha Sceirde: “Is siombail cultúrtha é bád seoltóireachta Húicéir na Gaillimhe atá sainiúil do Chuan na Gaillimhe agus do chósta Chonamara.

“Bíodh go n-úsáideann mairnéalaigh an ghaoth lena mbealadh a dhéanamh feadh ár gcósta Atlantach, beidh an ghaoth áitiúil chéanna á húsáid ag Carraigeacha Sceirde chun cumhacht a thabhairt dár bpobail áitiúla le fuinneamh inbhuanaithe, glan. Tá ríméad orainn tacaíocht a thabhairt do Cumann Húicéirí na Gaillimhe mar a gcomharsana aigéin nua agus tuilleadh deiseanna maoinithe a thairiscint do  phobal Chonamara i gcoitinne .”

Dúirt Cathal Ó Griofa, Cathaoirleach Cumann Húicéirí na Gaillimhe: “Tá ríméad orainn go bhfuil Carraigeacha Sceirde tagtha isteach chugainn mar urraitheoir dár sraith féilte rásaíochta feadh chósta Chonamara. Tá ár gcomhpháirtíocht ag cabhrú lenár spórt a chur chun cinn sa cheantar agus cúnamh luachmhar a thabhairt do na Féile áitiúla, agus muid ag roinnt cumhacht na gaoithe chun ár spórt iontach aigéin, agus tionscail ghlasa an lae amárach a spreagadh.”

Tagann an maoiniú mar chuid de chiste tacaíochta pobail, a fheidhmíonn mar réamhtheachtaí do Chiste Sochar Pobail Charraigeacha Sceirde níos leithne. Cuideoidh an Ciste Sochair Pobail, a bheidh á bhainistiú ag riarthóir neamhspleách, le tionscnaimh faoi thionchar an phobail a mhaoiniú i gcomhairle le daoine áitiúla ar fud Chonamara lena chinntiú go mbeidh Feirm Gaoithe Charraigeacha Sceirde ina údar iontach athraithe. Nuair a bheidh an tionscadal i bhfeidhm, cuirfidh an ciste thart ar €70 milliún ar fáil thar 20 bliain do phobail áitiúla.

Tá Carraigeacha Sceirde á fhorbairt ag Corio Generation agus tá sé le tógáil idir 2026 agus 2029. Meastar go dtiocfaidh an tionscadal i bhfeidhm agus go soláthróidh sé fuinneamh in-athnuaite faoi 2030.